Celtic & Scottish Studies

Scoláireacht PhD sa Bheartas Teanga, sa tSochtheangeolaíocht nó sa Teangeolaíocht Fheidhmeach

Tá scoláireacht PhD trí bliana á tairiscint ag Ollscoil Dhún Éideann do thogra taighde a bhaineann le ceann de na réimsí seo a leanas: An beartas teanga i leith na Gaeilge, sochtheangeolaíocht na Gaeilge nó teangeolaíocht fheidhmeach na Gaeilge. Tosóidh an taighde i mí Mheán Fómhair 2017.

  • English version

Cúlra

Ó 2008 i leith, tá teagasc na Gaeilge in Ollscoil Dhún Éideann á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Anois beidh an maoiniú seo á úsáid chun tacú le Scoláireacht PhD a thosóidh i mí Mheán Fómhair 2017.

An Dámhachtain

Clúdóidh an scoláireacht táillí teagaisc ag ráta na Ríochta Aontaithe/an Aontais Eorpaigh. Ní mór d’iarrthóirí idirnáisiúnta a léiriú go bhfuil teacht acu ar an airgead a chlúdódh na táillí teagaisc a ghearrfaí ar mhic léinn iasachta. Mairfidh an maoiniú go ceann trí bliana.  

Gheobhaidh faighteoir na scoláireachta a stipinn a bheidh ag teacht leis an ráta a dhéanann Comhairlí Taighde na Ríochta Aontaithe a íoc. Is é £14,510 an stipinn a íocfar don bhliain 2017-18.   

Beidh sé de dhualgas ar fhaighteoir na scoláireachta ranganna Gaeilge a theagasc ag leibhéil éagsúla, ranganna oíche agus ranganna ócáideacha ag an deireadh seachtaine san áireamh. Ní hiondúil go mbeadh níos mó ná 6 uair sa tseachtain, nó 125 uair sa bhliain, i gceist. Tá an teagasc seo mar chuid den scoláireacht agus ní dhéanfar aon íocaíocht bhreise dá bharr.

Cáilitheacht

Tá fáilte roimh iarratais ar ábhar ar bith a bhaineann leis an mbeartas teanga i leith na Gaeilge, le sochtheangeolaíocht na Gaeilge, nó le teangeolaíocht fheidhmeach na Gaeilge. Beidh Gaeilge líofa ag an té a cheapfar agus beidh bunchéim agus máistreacht ábhartha aige/aici. Bheadh taithí ar theagasc na Gaeilge ina chúnamh, agus bheadh eolas ar Ghaeilge na hAlban ina chúnamh chomh maith.

Iarratais

Ní mór d’iarratais chomhlánaithe (teistiméireachtaí san áireamh) a bheith istigh faoin 31 Márta 2017.

Is féidir a mbaineann leis an scoláireacht a phlé go neamhfhoirmiúil leis an Ollamh Wilson McLeod, w.mcleod@ed.ac.uk

Ní mór d’iarrthóirí iarratas ar an scoláireacht a dhéanamh ar-líne.

Ní mór d’iarrthóirí iarratas iontrála a dhéanamh don Ollscoil féin chomh maith. Déanfar seo tríd an gcóras iarratais ar-líne. Is iad na teistiméireachtaí a bhaineann leis iarratas iontrála seo a bheidh á meas agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an scoláireacht.

Fógra

Tionólfar cruinniú de Choiste Roghnóireachta i mí Aibreáin 2017 chun faighteoir na a roghnú. Déanfar faighteoir na scoláireachta a fhógairt chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.